Club/Grúpaí Óige Deonacha

Club/Grúpaí Óige Deonacha

Scéim Deontais do Chlubanna Óige Áitiúla

Tacaíonn an Scéim Deontais do Chlubanna Óige Áitiúla (LYCGS) le gníomhaíochtaí club/grúpa óige faoi stiúir oibrithe deonacha ag leibhéal áitiúil. Cuireann an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (DCEDIY) maoiniú ar fáil don Scéim agus tá sé á riar go háitiúil ag Boird Oideachais agus Oiliúna (BOOanna) thar ceann DCEDIY.

Tacaíonn an Scéim le gníomhaíochtaí deonacha club/grúpa óige do dhaoine óga; agus tosaíocht á tabhairt do chlubanna/grúpaí a fhreastalaíonn ar dhaoine óga idir 10 agus 21 bhliain d’aois. Is é príomhfhócas na Scéime ná cabhrú le clubanna/grúpaí óige áitiúla faoi stiúir oibrithe deonacha a chuireann clár gníomhaíochtaí oibre óige ar fáil do dhaoine óga. Ina theannta sin, tá clubanna/grúpaí eile a oibríonn le daoine óga, ach nach gcuireann obair óige ar fáil go sonrach, i dteideal iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú faoin Scéim freisin.

Déan iarratas ar an Scéim Deontais do Chlubanna Óige Áitiúla

Scrollaigh go Barr