Creat nua ETBI maidir le héiteas i scoileanna a sheoladh
Seolann ETBI Creat a shoiléiríonn éiteas Scoileanna BOO
Sheol Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann (ETBI) Creat Pátrúin ETBI maidir le hÉiteas do scoileanna BOO ar fud na tíre ag ócáid Dé Céadaoin an 23 Samhain ó 10-1 p.m. in Óstán Killashee, Bóthar Chill Chuillinn, Cill Ásaí, An Nás, Co. Chill Dara.
Is scoileanna stáit, comhoideachais, ilchreidmheacha iad scoileanna BOO a bhfuil bunluachanna an fheabhais san oideachas, sa chúram, sa chomhionannas, sa phobal agus sa mheas mar bhonn taca leo. Tacóidh Creat Pátrúin ETBI maidir le hÉiteas, a d’fhorbair ETBI agus an Lárionad Meastóireachta, Cáilíochta agus Cigireachta in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU), le gach scoil ETB i Laois agus in Uíbh Fhailí a n-éiteas a bhaint amach. Baineann an Creat le Scoileanna Náisiúnta Pobail agus le Coláistí Pobail faoi phátrúnacht BOOanna.
Thug an tOllamh Anne Looney, Déan Feidhmiúcháin Institiúid Oideachais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath an phríomhóráid ag an ócáid, agus rinne Carl O’Brien, Eagarthóir Oideachais ag an Irish Times, plé painéil a stiúradh ar an téama ‘Ethos in Action’, ina raibh baill foirne, foghlaimeoirí agus tuismitheoirí ó gach cearn d’earnáil BOO maidir le húsáid phraiticiúil an Chreata éiteasa.
Ag labhairt dó roimh an seoladh, dúirt Joe Cunningham, Príomhfheidhmeannach Bhord Oideachais agus Oiliúna Laoise agus Uíbh Fhailí (LOETB): “Fáiltímid roimh sheoladh Chreat Pátrúin ETBI maidir le hÉiteas lena n-athdhearbhaítear an obair iontach atá ar siúl inár scoileanna uile, go háirithe na nuálaíochtaí san fhoghlaim agus sa teagasc, ár gcleachtais chuimsitheacha agus, níos tábhachtaí fós, ár dtiomantas don fheabhas san oideachas agus don chomhionannas araon. Cuireann an Creat bealach struchtúrtha ar fáil dár scoileanna freisin chun machnamh a dhéanamh ar a gcleachtais. Níl aon amhras orm ach go mbeidh ár scoileanna BOO an-dearfach faoin gCreat seo. Mar sin féin, cuirfidh an Creat ar chumas ár scoileanna réimsí a shainaithint ina bhféadfaidís a gcroíluachanna a bhaint amach ar bhealach níos éifeachtaí. Tá LOETB agus ETBI tiomanta go hiomlán do thacaíocht a thabhairt dár scoileanna agus an Creat seo á chur chun feidhme acu’.
Tá Comhordaitheoir Ethos ceaptha ag LOETB chun tacú le scoileanna BOO ar fud Laoise agus Uíbh Fhailí i gcur i bhfeidhm an Chreata. Ag labhairt dó faoi thionchar an Chreata Ethos, dúirt Comhordaitheoir Ethos ETB Laoise agus Uíbh Fhailí, Declan Qualter, “Is toradh é an Creat seo ar dheich mbliana de chomhairliúchán fairsing náisiúnta, taighde agus ceapadh beartais fadbhreathnaitheach. Cuireann sé in iúl den chéad uair cad a chiallaíonn sé a bheith i do scoil BOO. Is lá stairiúil é inniu do phobal scoile BOO.”