Moil Faisnéise

Moil Faisnéise

Tá dhá Mhol Faisnéise ag LOETB, ceann amháin lonnaithe i gCearnóg Lyster, Port Laoise agus an dara ceann ar an tSráid Ard, Tulach Mhór.

Tá na moil seo á mbainistiú ag An tSeirbhís um Threoir agus Fhaisnéis d'Aosaigh agus dearadh iad le bheith ina ‘ionad ilfhreastail’ le haghaidh faisnéis agus tacaíochtaí don fhoghlaimeoir.

Is áit é an Mol Faisnéise inar féidir leat rochtain a fháil ar Sheirbhís Treorach agus Faisnéise d’Aosaigh LOETB. Cuireann an tseirbhís seo treoir agus faisnéis saor in aisce, neamhchlaonta agus rúnda ar fáil. 

Sa Mhol Faisnéise is féidir leat:  

  • Rochtain a fháil ar eolas faoi roghanna oideachais agus oiliúna agus tacaíochtaí maoinithe  
  • Tuiscint níos fearr a fháil ar na roghanna dul chun cinn atá ar fáil trí Bhreisoideachas agus Oiliúint in LOETB le naisc chuig coláistí tríú leibhéal
  • Roghanna cúrsaí taighde go neamhspleách nó le tacaíocht 
  • Spás a chur in áirithe chun staidéar, taighde nó freastal ar ranganna ar líne 

Bíonn tionchar suntasach agus dearfach ag na moil seo ar ár seirbhísí.

Laoise Uíbh Fhailí
Mol Faisnéise LOETB Mol Faisnéise LOETB
Aonad 2, Cearnóg Lyster, Port Laoise, Co. Laoise R32V002 An tSráid Ard, Tulach Mhór, Co. Uíbh Fhailí R35R293
0578630093 [email protected] 0579351506 [email protected]
Scrollaigh go Barr