Eiteas Scoile BOO
Cad is Éiteas Scoile BOO ann?
Is scoileanna stáit, comhoideachais agus ilchreidmheacha iad scoileanna BOO a bhfuil cúig bhunluach mar bhonn taca leo: Sármhaitheas san Oideachas, Cúram, Comhionannas, Pobal agus Meas. Tá scoileanna BOO faoi phátrúnacht na mBord Oideachais agus Oiliúna áitiúil (BOOanna) atá ar an soláthraí oideachais ilchreidmhigh is mó in Éirinn. Tugann scoileanna BOO comhdheiseanna do gach mac léinn sna pobail a bhfreastalaíonn siad orthu agus déanann siad a ndícheall oideachas ar ardchaighdeán a chur ar fáil trí thimpeallachtaí foghlama measúla, dearfacha, tacúla agus freagrúla.
Cé leis na scoileanna seo agus cén difríocht a dhéanann siad?
Is iad BOOanna pátrúin Scoileanna BOO. Is údaráis reachtúla iad BOOanna atá freagrach as Scoileanna Náisiúnta Pobail, Coláistí Pobail, agus raon leathan d'ionaid agus seirbhísí oideachais agus oiliúna do dhaoine fásta agus breisoideachais. Tá dea-cháil bainte amach againn as ár soláthar oideachais ionchuimsitheach, nuálach, ar ardchaighdeán a fhreastalaíonn ar riachtanais an phobail ar fad.
Baineann ár scoileanna BOO tairbhe mhór as raon leathan tacaíochtaí agus seirbhísí ón BOO áitiúil. Soláthraíonn BOOanna tacaíochtaí rialachais, oideachais, riaracháin, airgeadais, Acmhainní Daonna agus Teicneolaíochta Faisnéise (TF) do scoileanna. Bíonn tionchar díreach aige sin ar na daltaí agus ar na teaghlaigh a fhreastalaíonn ar ár scoileanna, toisc go gcuireann sé ar chumas cheannaireacht na scoile díriú ar a bpríomhchúram maidir le teagasc agus foghlaim a threorú. Cinntíonn sé seo an caighdeán is airde feabhais inár scoileanna. Is féidir le BOOanna seirbhís luachmhar a chur ar fáil freisin do thuismitheoirí mac léinn atá ag freastal ar scoileanna BOO trínár gcláir oideachais aosaigh.
Cén taithí a bheidh ag mo leanbh i scoil BOO?
Déanann scoileanna BOO a ndícheall comhdheiseanna a chur ar fáil do gach dalta chun dul i ngleic leis an gcuraclam agus le saol na scoile. I ngach gné de shaol na scoile, caitear go cothrom le gach ball dár bpobail scoile beag beann ar a gcine, inscne, reiligiún/creideamh, aois, stádas teaghlaigh, stádas sibhialta, ballraíocht den Lucht Siúil, gnéaschlaonadh, cumas nó stádas socheacnamaíoch. Soláthraíonn ár scoileanna timpeallacht shábháilte fhisiciúil agus shóisialta a threisíonn mothú muintearais le pobal na scoile agus leis an tsochaí i gcoitinne. Déanaimid ár ndícheall a chur ar chumas gach dalta a lánacmhainneacht a bhaint amach beag beann ar aon ghné dá bhféiniúlacht nó dá gcúlra. Cuireann ár scoileanna oideachas iomlán cuimsitheach chun cinn a aithníonn iolracht na bhféiniúlachtaí, na gcreideamh agus na luachanna atá ag daltaí, tuismitheoirí agus baill foirne.
Scoil nua a oscailt
Cinneann an Roinn Oideachais cén áit agus cén uair a bhfuil gá le scoileanna nua i réimsí an fháis dhéimeagrafaigh. Iarrtar ar thuismitheoirí atá incháilithe vóta a chaitheamh don chineál scoile ar mhaith leo a bheith bunaithe trí Chóras Próiseas Pátrúnachta Ar Líne. Má chuireann tromlach na dtuismitheoirí in iúl gur fearr leo scoil BOO tríd an bpróiseas seo, bunófar Pobalscoil Náisiúnta (bunscoil) nó Coláiste Pobail (iar-bhunscoil) ina gceantar féin. Chun eolas a fháil faoi chomórtais phátrúnachta atá ar na bacáin tabhair cuairt ar https://patronage.education.gov.ie