An Chomhairle Mhúinteoireachta
Múinteoirí BOO – Riachtanas le bheith Cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta
Is riachtanas é faoi Alt 30 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001, go gcaithfidh múinteoir a bheith cláraithe chun go n-íocfar tuarastal leis ó chistí poiblí. Chuir an tAire Oideachais agus Scileanna tús le hAlt 30 ar an 28 Eanáir 2014. Baineann Alt 30 le gach duine atá fostaithe mar mhúinteoir i scoil aitheanta. Ní féidir múinteoir neamhchláraithe atá fostaithe i scoil aitheanta a íoc as cistí Stáit i ndáil lena c(h)uid fostaíochta mar mhúinteoir. Tá cosc de réir an dlí ar Bhoird Oideachais agus Oiliúna (BOOanna) aon duine atá fostaithe mar mhúinteoir i scoil aitheanta nach bhfuil cláraithe a íoc.
Fógra tábhachtach: do na múinteoirí go léir a bhfuil dáta éaga an 13 Nollaig 2015 ag a gcoinníollacha – tabhair faoi deara go bhfuil síneadh curtha le dáta na gcoinníollacha clárúcháin go dtí an 31 Eanáir 2016.
Chun tuilleadh eolais a fháil: