Acmhainní Daonna

Acmhainní Daonna

Cuireann Roinn Acmhainní Daonna LOETB seirbhís chuimsitheach ar fáil chun tacú lenár scoileanna, ár n-ionaid agus ár bhfoireann. Táimid tiomanta don chaighdeán is airde a sholáthar i seirbhís do chustaiméirí ag cinntiú go bhfuil cáilíocht, tráthúlacht agus comhsheasmhacht ár seirbhíse den chéad scoth.
Is é an aidhm atá againn struchtúir, beartais agus nósanna imeachta AD dea-chleachtais a bheith againn a thacaíonn le bunú agus oibriú LOETB mar eagraíocht ghairmiúil a chuireann luach le seirbhísí do chustaiméirí, le meanma agus le spreagadh na foirne.
Tá ár n-eagraíocht bunaithe ar shamhail chomhpháirtíochta leis an bhfoireann, lena n-eagraíochtaí ionadaíocha agus le páirtithe leasmhara eile. Glacaimid le feabhsú leanúnach agus tacaímid le hathrú agus nuálaíocht.

Freagrachtaí na Roinne Acmhainní Daonna:

  • Pleanáil Acmhainní Daonna
  • Beartais agus Nósanna Imeachta Pearsanra
  • Earcaíocht, Roghnú agus Ceapacháin na foirne uile
  • Párolla
  • Conarthaí Fostaíochta
  • Poist Fhreagrachta
  • Seirbhís Cúnaimh d'Fhostaithe
  • Saoire Bhliantúil
  • Saoire Bhreoiteachta
  • Saoire Speisialta, lena n-áirítear Force Majeure, Saoire Compásach
  • FGL agus Oiliúint
  • Leithdháileadh agus Úsáid Múinteoirí
  • Aoisliúntas agus Pinsin, Tuairisceáin Phinsin
  • Saincheisteanna IR
  • Nósanna Imeachta Casaoide agus Ábhair Dhlíthiúla
  • Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána – Foireann, mic léinn/oiliúnaithe PLC, Saorálaithe agus baill foirne ar Eispéireas Oibre 
Scrollaigh go Barr