REALT

REALT

Foireann Réigiúnach Oideachais agus Teanga Laoise agus Uíbh Fhailí (REALT)

Mar chuid dá thiomantas freagairt dhaonnúil a thabhairt chun fáilte a chur roimh dhaoine atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin agus atá ag lorg cosanta in Éirinn, bhunaigh rialtas na hÉireann Foirne Réigiúnacha Oideachais agus Teanga (REALT) ar fud na tíre.

Tá an REALT do Laoise agus Uíbh Fhailí á óstáil ag Bord Oideachais agus Oiliúna Laoise agus Uíbh Fhailí.

Is é príomhról REALT tógáil ar struchtúir tacaíochta oideachais réigiúnacha atá ann cheana agus díriú ar dtús ar chúnamh a thabhairt do theaghlaigh chun áiteanna scoile a fháil ag leibhéal na bunscoile nó na hiar-bhunscoile. Tacóidh REALT freisin le bunscoileanna agus le hiar-bhunscoileanna sa cheantar chun freastal ar riachtanais na leanaí seo de réir mar a thagann siad chun cinn, chun comhairle agus tacaíocht a thabhairt don Roinn Oideachais maidir le hacmhainn nua a fhorbairt nuair is gá, agus chun comhordú a dhéanamh ar sholáthar seirbhísí oideachais do scoileanna agus do theaghlaigh ar fud Laoise agus Uíbh Fhailí.

Tá ionadaithe ag an bhfoireann, a eagraítear trí Chomhordaitheoir tiomnaithe REALT, ó An tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (NEPS), , An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (NCSE) , Seirbhís Tacaíochta Oideachais Tusla (TESS), comhlachtaí bainistíochta scoile, Cigireacht na Roinne Oideachais agus Bus Éireann.

Scrollaigh go Barr