Clárú na Comhairle Múinteoireachta
Próiseas clárúcháin na Comhairle Múinteoireachta do mhúinteoirí atá cáilithe san Úcráin:
Múinteoirí a cháiligh san Úcráin agus ar deonaíodh Cosaint Shealadach an Aontais dóibh, is féidir leo iarratas a dhéanamh chun clárú agus oibriú mar mhúinteoir in Éirinn leis an bpróiseas do mhúinteoirí Úcránacha.
Déanfar múinteoirí a chomhlíonann na riachtanais a chlárú le coinníoll ar a dtugtar Measúnú Cáilíochta. Rinneadh na próisis ghrinnfhiosrúcháin agus imréitigh póilíní a choigeartú chun an staid uathúil atá ag tarlú san Úcráin a chur san áireamh.
Chun clárú, ní mór do mhúinteoir a cháiligh san Úcráin a bheith in ann na nithe seo a leanas a chur isteach:
1. Cóip den stádas Cosanta Sealadaí ón Roinn Dlí agus Cirt in Éirinn agus |
2. Fianaise ar cháiliú mar mhúinteoir san Úcráin amhail aon cheann díobh seo a leanas: fianaise ar cháilíocht mar mhúinteoir ó Ollscoil na hÚcráine inar cháiligh tú, nó fianaise ar chlárú nó ar cheadúnas chun múineadh san Úcráin. |
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na riachtanais incháilitheachta agus faoin gcaoi le hiarratas a dhéanamh, féach Nótaí Treorach do mhúinteoirí Úcránacha a dhéanann iarratas ar chlárú / Методийн ⁇ рекоменда ⁇ для укра ⁇ нских вввител ⁇ в, як ⁇ подарти ыаявки на рестра ⁇ ⁇ ⁇ ⁇.
Seol ríomhphost, le do thoil [email protected] Chun iarratas a dhéanamh ar an bhfoirm iarratais.