Bunoideachas agus Iarbhunoideachas

Bunoideachas agus Iarbhunoideachas

Rochtain a fháil ar áiteanna scoile (bunscoil agus iar-bhunscoil)

Freastalaíonn páistí in Éirinn ar bhunscoil ó aois 4/5 go 12/13 (féadfar Scoileanna Náisiúnta a ghairm de na scoileanna seo). Bogann siad ansin chuig iar-bhunscoil (meánscoil) ó 12/13 go 18 mbliana d'aois. Tacófar le leanaí idir 4 agus 18 mbliana d'aois chun rochtain a fháil ar oideachas poiblí bunscoile nó iar-bhunscoile a chuireann an Stát ar fáil de réir mar is cuí.

Chun áit a fháil do leanbh ar scoil, ba chóir do thuismitheoirí/chaomhnóirí dul i dteagmháil le haon scoil áitiúil (bunscoil nó iar-bhunscoil ag brath ar aois an linbh) agus ceist a chur faoi áit don leanbh sa scoil sin. Má tá áit ar fáil sa scoil, cuirfidh siad eolas ar fáil maidir le conas clárú sa scoil sin.

Má bhíonn aon deacrachtaí ag tuismitheoirí/caomhnóirí áit a fháil do pháiste i scoil i Laois nó in Uíbh Fhailí, ba chóir dóibh teagmháil a dhéanamh le Laois agus Uíbh Fhailí:
ríomhphost: [email protected]     fón: +353 85 876 4777

A Tá bunachar sonraí de gach bunscoil agus iar-bhunscoil ar fáil anseo.
(Agus an bunachar sonraí seo á chuardach agat, faoi ‘Contae’ roghnaigh Laoise nó Uíbh Fhailí, faoi ‘Leibhéal Scoile’ roghnaigh Bunoideachas nó Iarbhunoideachas de réir mar is cuí).

Tá an acmhainn seo a leanas, ón tSeirbhís Tacaíochta d'Fhorbairt Ghairmiúil (SFGM), deartha chun an córas oideachais in Éirinn a mhíniú. Tá sé roinnte ina acmhainní Bunscoile agus Iar-bhunscoile agus tá gach ceann acu ar fáil i leaganacha Béarla, Úcráinise agus Rúisise.

Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí - Acmhainní Bunscoile do Thuismitheoirí Úcránacha

Scrollaigh go Barr