Conas Iarratas Saorála Faisnéise a dhéanamh
Ní mór iarratais a dhéanamh i scríbhinn chuig an Oifigeach um Shaoráil Faisnéise, BÁC, Foirgnimh an Chaisleáin, Sráid na Teamhrach, Tulach Mhór, Co. Uíbh Fhailí. Is féidir iarratais a dhéanamh trí ríomhphost freisin [email protected]
Nuair a dhéanann tú iarratas, ní mór duit:
- An t-iarratas a chur isteach i scríbhinn chuig an Oifigeach um Shaoráil Faisnéise, BOO Laoise agus Uíbh Fhailí
- Sonraigh go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise
- Bí soiléir go leor ionas go dtuigfidh an tOifigeach SF cad iad na taifid atá á n-iarraidh. I gcásanna nach bhfuil sé soiléir cad iad na taifid atá á n-iarraidh, cabhróidh BOO LOE leis an iarrthóir a iarraidh/a hiarraidh a chur isteach sa chaoi is gur féidir na taifid atá á lorg a shainaithint.
- Nuair a bhíonn faisnéis phearsanta á lorg agat, beidh ort an t-aitheantas cuí a sholáthar de réir mar is gá
I gcásanna ina bhfuil tú ag iarraidh rochtain a fháil ar thaifid faoi alt 37(8), beidh ort sonraí breise a sholáthar chun na cearta sin a fheidhmiú.
Chun tuilleadh eolais a fháil, seol ríomhphost chuig: [email protected]
Íoslódáil an fhoirm iarratais anseo: Foirm Iarratais FOI