Cúrsaí Oiliúna Scileanna

Cúrsaí Oiliúna Scileanna

Tá na cúrsaí Oiliúna Scileanna ar líne seo a leanas ar fáil, cliceáil ar na naisc le haghaidh tuilleadh eolais.

Tá an cianobair ar siúl anois!

Aithníodh le tamall anuas na tairbhí gnó a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an gCianobair – feabhas a chur ar an gcumas an tallann is fearr a mhealladh agus a choinneáil, rannchuidiú le foireann níos sásta agus níos táirgiúla, agus an bonn costais a ísliú.  Is féidir leis an gcianobair rannchuidiú leis an bhforbairt réigiúnach trí phobail tuaithe inbhuanaithe, agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar an gcuimsiú agus ar an éagsúlacht sa lucht saothair trí dheireadh a chur le roinnt bacainní ar an obair.  Tugann sé deis freisin do chuideachtaí agus d’fhostaithe díriú ar aschur seachas ar fhreastal, agus athléimneacht agus leanúnachas gnó á gcothú ag an am céanna.

Mar fhreagairt ar phaindéim COVID 19 atá ann faoi láthair agus ar an deis cianoibre a bheidh ann amach anseo, tá dhá chlár oiliúna náisiúnta nua ar líne cruthaithe ag LOETB, i gcomhar le IDA Ireland, SOLAS agus Grow Remote, lena bhforbraítear cumas agus acmhainneacht na ndaoine sin ar mian leo a bheith ina nOibrithe Iargúlta, ina nOibrithe Iargúlta reatha agus ina mBainisteoirí Líne go náisiúnta.

‘Cianfhoirne Oibre a Threorú’ Tá sé dírithe ar Bhainisteoirí Líne i gceannas ar fhoireann a chuimsíonn oibrithe iargúlta.  Tabhair faoi deara gurb ionann tiomantas ama na mbainisteoirí don chlár agus ranníocaíocht iomlán na cuideachta le costais an chláir.

‘Cianobair Réidh’ Tá sé dírithe ar fhostaithe agus ar dhaoine dífhostaithe a bhfuil súil acu aistriú chuig ról cianoibre agus tá sé maoinithe go hiomlán.

Cliceáil anseo Tuilleadh eolais

Is iad seo a leanas an dá chlár: 100% ar líne, ar fáil go náisiúnta agus Tréimhse 7 seachtaine.  Na cláir Ag tosnú Dé Máirt, 5 Bealtaine 2020.

 

Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le: 

Caroline Spollen 085 2541789 [email protected]
Scrollaigh go Barr