Oideachas Príosúin
Cuireann LOETB seirbhísí oideachais ar fáil i bPríosúin Phort Laoise agus Lár Tíre. Is í an litearthacht, an uimhearthacht agus soláthar ginearálta bunoideachais an tosaíocht agus cuirtear cláir leathana oideachais ar fáil a leanann cur chuige breisoideachais de ghnáth. Cuirtear cláir in oiriúint chun éagsúlacht dhaonra na bpríosúnach agus nádúr casta shaol an phríosúin a chur san áireamh. Tá cúrsaí don Teastas Sóisearach agus don Ardteistiméireacht, agus cláir QQI ó Leibhéal 1 go 6 ar fáil.
| An tIonad | Ionad Oideachais Phríosúin Lár na Tíre | Ionad Oideachais Phríosúin Phort Laoise |
|---|---|---|
| Teagmháil | Deirdre Dowling Múinteoir Maoirseachta | Múinteoir Maoirseachta David Higgins |
| Seoladh | Ionad Oideachais Phríosúin Lár na Tíre, Bóthar Bhaile Átha Cliath, Port Laoise | Ionad Oideachais Phríosúin Phort Laoise, Bóthar Bhaile Átha Cliath, Port Laoise |
| Teileafón | (057) 86 72171 | (057) 86 21318 |
| Ríomhphost | [email protected] | [email protected] |